5 mins
Bród!
An Queercal Comhrá is a group of LGBTQ+ Irish speakers who meet on the third Thursday of every month. The group is now gearing up for their annual Bród celebrationAn Bál Aiteach. Ciara Ní É shares the joy in celebrating queerness and the Irish language.
Photo by
Eleanor Rogers.
The An Bál Aiteach event is inspired by the underground LGBTQ+ ballroom culture in 1980s' Harlem, as chronicled in the iconic documentary Paris is Burning. It is a celebration of queer and Gaelic culture, straddling the intersections of all that we are, mar Ghaeil aiteacha sa lá atá inniu ann.
Is cóisir mhór í, deis don phobal a gcruthaitheacht a léiriú i measc cairde, chomh maith le bheith san áireamh do na duaiseanna!
There are four different categories, with a winner in each. Performances like this are layered across time and space, with meaning found in both the performers’ intentions with their walk and audience’s perceptions of it. There’s an alchemy to it; what shared understandings are we relying on to make sense of what we are seeing? In what other space could you reference RuPaul and the Wren Boys in the same breath and be utterly understood? It is such a pleasure to create a space for queer Gaeil where that magic can happen.
One stand out moment from last year was in the category of Masc-for-Masc. ‘Masc’ is Irish for a mask, so there was room for play with that. This particular contestant was dressed as a Na Fianna warrior, riding a horse. Halfway through his walk, without warning, he fell on the ground and the room quietened, unsure whether it was intentional. As he slowly stood up, he was holding up the mask of an old man with a long beard. Cue roaring applause as everyone in the room understood at the same timeOisín Mac Fhinn returning from Tír na nÓg! There’s a crackle in the air in those moments, an appreciation of how unique these spaces are. It’s empowering to engage with our native language and culture in this way.
There’s a natural cross-over between An Queercal Comhrá and AerachAiteachGaelach (AAG), the queer Irish language arts collective set up in 2020 by Eoin McEvoy and Ciara Ní É. It’s been a big year for the group. AAG won the Arts and Entertainment category at the GALAS; and the Irish Language category at the National Lottery Good Cause Awards. There are over 120 artists in the group, based in Ireland and internationally, and the hard working committee meets regularly to put together AAG’s vibrant program of events.
Around the world, homophobic societies often paint queerness as foreignsomething imported, unnatural and certainly not native. There is a power in showing the opposite to be true, and AAG does this through plays like Grindr, Saghdar & Cher, which was described by Colin Crummy at The Guardian as a “modern play about hookups, dating apps and going on a bender”; and An Chos Eile is a coming-of-age drama that looks at queerness in Irish sport. Both plays are performed in Irish with English subtitles and will be going on tour this year.
Más duine aiteach tú le Gaeilge, tá fáilte mhór romhat ag an mBál. Is féidir leat do thicéad a cheannach anoisEventbrite An Bál Aiteach 2024 Na ceithre rannóg a bheidh ann i mbliana ná ExtravaGeansaí, Dathanna an Chontae (nó Cunt-ae!), Drag Caoineadh agus TG Leathair. Beidh triúr breithimh ann ag roghnú na hiomaitheoirí is fearr. Bíonn na breithimh ag faire amach do cruthaiteacht sa tsiúl féin, caighdeán an fheistis, agus "realness"cé chomh maith a éiríonn leis an an bhfeisteas léiriú a dhéanamh ar cibé steiréitíopa / carachtar / grúpa atá i gceist leis.
Tá an caighdeán ag dul i bhfeabhas gach bliain, agus na rannpháirtithe ag tosú leis na hullmhúcháin na míonna roimh ré. Le cabhrú lenár mbaill ullmhú don chomórtas, eagraíodh ceardlann sa Rediscovery Centre Baile Mhunna níos túisce i mbliana. D’fhoghlaim rannpháirtithe conas greamanna bunúsacha a dhéanamh agus conas meaisíní fuála a úsáid.
Ach ní gá d’fheisteas a chruthú ó bhonnseans nach mbeadh de dhíth ort ach cúpla rud a fháil ar iasacht ó chara leat don oíche. An rud is tábhachtaí ná go mbaineann tú súp as.
Déarfainn le haon duine atá éiginnte faoi páirt a ghlacadh toisc go bhfuil cúthail orthu feisteas a ullmhú is a thabhairt leo ar aon nós. Is iomaí duine a cheap nár mhaith leo páirt a ghlacadh go dtí gur bhraith siad an t-atmaisféar leictreach sa seomra, an tacaíocht agus grá a bhí le mothú ón slua, agus ansin go raibh aifeála orthu nach raibh faic ullamh acu!
Taobh amuigh den chomórtas féin beidh imeachtaí ar siúl againn ar feadh an lae agus is deis iontach é bualadh le lucht AerachAiteachGaelach agus An Queercal Comhrá den chéad uair.
Beidh beárbaiciú againn óna 5pm i ngáirdín beorach an Chlub chun tús a chur le cúrsaí agus roinnt truncála* a fháil roimh an oíche. (*soakage!) Ansin thíos staighre a rachaimid le roinnt cluichí spraíúla a imirt trí Ghaeilge óna 7pm. Bíonn craic thar na bearta ag baint leis na cluichí iomaíocha áiféasacha seo a chuirfeadh imeachtaí cóisir cearc nó gníomhartha neartaithe foirne i gcuimhne duit. Faigheann gach duine deis páirt a ghlacadh agus ní bhíonn aon stráinséirí sa seomra ina dhiaidh na gcluichí!
Ansin, beidh deis ag daoine a gcuid éadaí a athrú agus tosóidh an bál féin thar ar a 9pm. Tar éis na buaiteoirí a fhógairt tosóidh an dioscó i gceart agus leanfaidh an scléip ar aghaidh go dtí deireadh na hoíche!
Oibríonn ár gcoiste as lámh a chéile chun clár imeachtaí a chur ar fáil dár mbaill ó cheann ceann na bliana. Bíonn seisiúin scríbhneoireachta ar siúl go rialta in Outhouse, Sráid Chéipil. Seisiún míosúil is ea é seo a bheidh ar siúl ar an dara Céadaoin de gach mí, agus bíonn aoi-áisitheoirí i gcuid de na seisiúin.
Bímid ag taisteal freisin, agus tá Timire againn i ngach Cúige anois, a ceapadh ag an CCB ag Oireachtas na Samhna anuraidh. Le déanaí reáchtáladh ceardlann scríbhneoireachta i mBéal Feirste, agus bhuail baill AAG leis an Queercal Comhrá Bhéal Feirste. I mí an Mhárta eagraíodh scéim chónaitheachtaí, le deichniúr ealaíontóirí ag dul isteach ar Oileán Chléire le tabhairt faoi thionscadail ealaíne faoin téama An Todhchaíochas Gaelach. Is gearr go mbeimid ar ais ar an Oileán agus Bród Chléire ar siúl i mí Lúnasa.
Más spéis leat foclóireacht tá Meitheal Téarmaíochta agus Aistriúcháin curtha ar bun ag AAG le focail a bhailiú agus a chumadh, paimfléid eolais a aistriú agus a scaipeadh, agus an Ghaeilge a aitiú. Fáilte roimh aistritheoirí, scríbhneoirí, téarmeolaithe, filí agus duine ar bith atá ag iarraidh páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt na teanga aití. Níl ansin ach blaiseadh den mhéid a bhíonn ar siúl againn, is féidir a thuilleadh a léamh ag aerachaiteachgaelach.net.
Beimid ag súil leis sibh a fheiceáil Dé Sathairn 22 Meitheamh ag 5pm i gClub Chonradh na Gaeilge i gceartlár Bhaile Átha Cliath. Tá An Bál Aiteach á eagrú i gcomhar leis ag an gCiste Spreagtha agus BÁC le Gaeilge.
An Bál Aiteach Club Chonradh na Gaeilge @aerachaiteachgaelach @queercalcomhra