From The Team | Pocketmags.com

COPIED
21 mins

From The Team

Welcome, dear reader, to our November issue and one of our personal favourites - the annual Youth Issue. For this issue, we hear from the next generation of LGBT+ change-makers who speak about the issues that matter to them.

Marlon, Frankie, Stefano, Katie, Peter, Lisa & Dave

With the ongoing school strikes for climate change, it’s very clear that the young people of this country are empowering themselves to demand systematic change. If the young folk who contributed to this month’s GCN are leading the charge, we can rest assured the status quo is about to get a jolt.

As part of this issue, the fabulous Frankie Smith joined the team as guest editor. As well as writing a vital piece about the need for alcohol-free spaces for LGBT+ youth, they also share below the experience of being LGBT+ in an all-Irish, Catholic, all-girls school. Frankie proudly presents the piece as Gaeilge.

Enjoy.

Dia dhaoibh ar fad, Is mise Frankie, agus toisc go bhfuil mé an Eagarthóir Óige don eagrán seo, bhí sé de dhualgas orm smaointe a chur le chéile chun scríobh faoi. Thóg sé tamall orm oibriú amach céard a raibh mé ag iarraidh scríobh faoi, agus cheistigh mé mo chairde do smaointe. Ansin, chonaic mé go raibh go leor daoine ar Twitter ag labhairt faoi rud a thug siad “Gaeil-tober” ar, nuair a raibh orthu a dícheall a dhéanamh chun Tvuít nó labhairt as Gaeilge rith mí na Samhna. Thug sé seo an smaoineamh dom chun píosa a scríobh as Gaeilge, faoin saol de dhuine óg LADT+ scoil lán-Ghaelach, Caitliceach, agus lán-cailíní.

Díreach agus a thosaigh mé mo chéad bhliain, bhí a fhios agam go raibh mé difriúl. Ní raibh mo shaol sa 6 bhliain sin éasca ar chor ar bith. Is maolaisnéis é le rá go raibh mé ina bláthóir mall. Ní raibh cairde fíor agam go dtí bliain a dó nó trí, agus nuair a chuaigh mé chuig seribhísí BeLonGTo san Idirbhliain, thosaigh mé a bheith níos compórdaí le mo ghnéasacht agus le mo hinscne. Tháinig mé amach mar dhuine ilghnéasach timpeall an t-am sin, agus bhí mo chomhscoláirí neamhshonraithe faoi, mar ní raibh sé ina fhadhb mhór. Ach, nuair a tháinig mé amach mar duine neamh-inscineach sa samhradh roimh mo chúigiú bhliain, mhothaigh mé go raibh brú cuirthe orm chun comhfhoirmigh. Níor thuig mo comhghleacaithe an coincheap de bheith neamh-inscineach, agus thóg sé tamaill roimh a thosaigh siad ag úsáid na bhforainm ceart. Le bheith macánta, ní féidir liom an milleáin a chuir orthu. I 2015, ní raibh aithne ag an bpobal gcoitinne ar an téarma “neamh-inscineach”, agus ní raibh go leor eolais nó faisnéis acu faoi. Ach, bhí mé ceart go leor leis, bhí a fhios agam cad a raibh ionam, agus ba é sin an rud is mó a bhí gceist.

Ansin, sular tháinig mé ar ais do mo bhliain dheireanach ar scoil, rinne mé an cinneadh chun m’ainm a athrú chuig Frankie, agus cé go raibh 95% de mo chairde thar a bheith tacúil, bhí fós an 5% sin nach raibh réidh chun glac le mo chinne. Rinne mé iarracht gan é a ligint cur isteach orm, ach bhíodar gcónaí ann gcúl m’intinn, ag déanamh neamhbhailí ar mo mhothiúcháin agus ag rá gur bréag é mo thaithí. Faoi dheireadh, rinne mé mo dícheall iad a sheachaint, mar is duine mé nach ndéileálann go maith le coinbhleacht. Ach, ag pointe amháin, bhí mé ag iarraidh é a stopadh.

Mar sin, bheartaigh mé chun teacht amach chuig mo bhliainmhúinteoir, bean an-dheas, ach níor thuig sí an sreabhántacht inscne agus gnéasachta sa saol nuaaimseartha. Shíl mé, cad a rachfadh chuig donais? Lá amháin, shúil mé suas chuici sa halla, thóg mé go dtí an taobh, agus dúirt mé léi. “Táim neamh-inscineach, agus ba mhaith liom m’ainm a athrú ar an rolla go dtí Frankie.” D’fhan sí nóiméad roimh a d’fhreagraigh sí mé, agus ag an bpointe seo, bhí mo glúine lag fúim, bhí mothúcháin tinn mo bholg, agus bhí mé ag croith ar nós duilleog. Faoi dheireadh, dúirt sí é seo liom. “Tá an-bhrón orm, ach ní féidir linn d’ainm a athrú ar an rolla, bheadh sé ró-dheacar é a athrú ag an bpointe seo sa bhliain.” Sin cad a dúirt sí liom. Bhí mé ar buile. Ach, mar gheall go bhfuil mé.... bhuel, mé fhéin, agus bhí mé ag iarraidh coinbhleacht a sheachaint, dúirt mé go raibh brón orm, agus shiúil mé di. Ba é sin an uair dheireanach a labhair mé le aon múinteoir faoi bheith LADT+.

This article appears in 359

Go to Page View
This article appears in...
359
Go to Page View
Looking for back issues?
Browse the Archive >

359
CONTENTS
Page 4
PAGE VIEW